Coinleach Glas An Fhromhair lyrics

mid_top
CLANNAD Coinleach Glas An Fhromhair Lyrics
Coinleach Glas An Fhromhair
I.
Ar chonnlaigh ghlais an Fhoghmhair
A stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig
`Sba ró-dheas do leagan siubhail.
Do ghruaidh ar dhath na rósaí
`Sdo chúirníní bhí fighte dlúith
Monuar gan sinn `ár bpósadh
Nó`r bórd luinge `triall `un siubhail.

II.
Tá buachaillí na h-áite seo
A` gartha `gus ag éirghe teann
Is lucht na gcochán árd
A` deánamh fáruis do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
Thar sáile `s a shlóighte cruinn
Bhrúighfinn féar is fásach
`S bhéinn ar láimh le mo chailín donn.

III.
Ceannacht buaibh ar aontaigh`
Dá mbínn agus mo chailín donn
Gluais is tar a chéad-searc
Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra `nonn
Go sgartar ó n-a chéile
Bárr na gcraobh `s an eala ón tuinn
Ní sgarfar sin ó chéile
`S níl ach baois díbh á chur `n mur gcionn.

IV.
Chuir mé leitir scríobhtha
Annsoir mo sweetheart agus casaoid ghéar
Chuir sí chugam arís í
Go rabh a croidhe istuigh i lár mo chléibh.
Cum na h-eala is míne
Ná`n síoda `s ná cluimh na n-éan
Nach trom an osna ghním-se
Nuair a smaoitighim ar a bheith `sgaradh léi.

V.
`Sé chuala m/e Dé Domhnaigh
Mar chómhrádh `gabháil eadar mhnáibh
Go rabh sí `gabháil `a pósadh
Ar óigfhear dá bhfuil san áit.
A stóirín glac mo chomhairle
`S a` foghmhar seo fan mar tá
`S cha leigim le `bhfuil beo thú
A stór nó `s tú mo ghrádh.
Back to: CLANNAD lyrics
These lyrics are not available for printing.
How much do you love Coinleach Glas An Fhromhair?
big_sean
Comments

Coinleach Glas An Fhromhair received 8 out of 10 based on 84 ratings.

Share CLANNAD Coinleach Glas An Fhromhair lyrics!
artist_btm
mid_btm