Eirigh S Cuir Ort Do Chuid Daigh lyrics

mid_top
CLANNAD Eirigh S Cuir Ort Do Chuid Daigh Lyrics
Eirigh S Cuir Ort Do Chuid Daigh
Eirigh `s cuir ort do chuid éadaigh Go mbearraidh mé féin do chúl
Go dté muid `soir easpag na hÉirne Go gceangaltar mé `gus tú
Bhí grá `s cion agam féin ort A chuid `en tsaol éalaigh liom
`S nach duine dona gan chéill A scarfadh ó chéile sinn

Cuirimse croí ar a` phósadh `S ar bhuachaillí óga an tsaoil
Nárbh fhearr dófa cailín deas óg acu Ná bean agus puntaí léi
Oíche mhór fhada sa gheimhreadh Nár dheas bheith `súgradh léi
`Bhfarras a` chailleach `srannfaí `S í `tarraingt a` plaincead léi

Dé Máirt a rinneadh mo chleamhnas Mo chreach `s m`amhgar géar
Ghlac mise comhairle mo mhuintir `S pairt mhór do m`aimhleas é
Pósadh mise gan amhras Ar shamhailt do mhnaoi gan scéimh
`S níl aon chailín dá gcasfaí sa ghleann damh Nach rachainn `un cainte léi

Nuair a théimse `un Aifrinn Dé Domhnaigh `Sé fhiafraíos gach óigfhear daom
`Chormaic, an bhfuil tusa pósta? Ná an airíonn tú an óige `choích`?
`Sé abraim is deirim féin leofa Go n`aireochainn go mór fa-raor
`S an méid agaibh atá gan pósadh Gur agaibh atá spórt an tsaoil

Ach gheobhaidh mé hata `gus bróga Agus éireochaidh mé óg arais
Agus rachaidh mé amach go Gleann Domhain Sin an áit a bhfuil mórán ban
Go bhfaghaidh mé cailín deas óg ann A shiúlas a` ród go glan
`S nárbh fhearr liomsa leis na mná móra Ná cailleach Ghleann Domhain `s a ba

extra verses:
Aisling a chonaic mé aréir ar leaba agus mé i mo luí,
Go dtáinig sí chugam mar fhéirín, ainnir na gciabhfholt buí
Bhí a órfholt snoite go féar léi, is níl tuile da mhéid nach gclaíodh,
Ó is, a Rí, ér mhiste do chléir é, dá gcodlóinn aréir le mnaoi?

Is trua gan mise is an niamh bheag na leice mílte ó chuan,
In oileán an Chlochair Bhig Chraobhaig mar a thiteas na néalta chun suain,
An áit a mbíonn an nead ag an éanlaith, an fiolar, an ghéag is an chuach,
Chuirfinnse gease ar an éan bheag solas an lae thabhairt uainn

(title translated; Arise And Dress Yourself)
Another Donegal love song where the composer longs desperately to elope with his loved one to a place where he is surrounded only by nature`s undisturbed beauty.
Back to: CLANNAD lyrics
These lyrics are not available for printing.
How much do you love Eirigh S Cuir Ort Do Chuid Daigh?
big_sean
Comments

Eirigh S Cuir Ort Do Chuid Daigh received 9 out of 10 based on 71 ratings.

Share CLANNAD Eirigh S Cuir Ort Do Chuid Daigh lyrics!
artist_btm
mid_btm